Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chuaigh sé as Londain go dtí an Nua Shéalainn agus chaith sé dhá bhliain agus ceathrú ag obair ansin. Níor thaitin an áit ná dóigh na ndaoine leis. | 00:01:48 | |
Phill sé go Glaschú agus as sin chuaigh sé ar ais go Londain ag obair ar feadh cúpla mí sular imigh sé na hAstráile. Chaith sé dha scór bliain san Astráil. | 00:02:45 | |
Ghlac an turas go dtí an Nua Shéalainn 6 seachtaine ar an bhád agus ghac an turas na hAstráile mí. Bhí sé ina chónaí in Sydney agus bhíodh se ag obair in Perth agus cathracha eile. Níor cheannaigh sé teach, arasán a bhí aige, bhí sé díol £5 sa tseachtain. Obair thógála is mó a bhí sé ag déanamh. Bhí cuid mhór Éireannaigh thall ansin fosta. Choinnigh Éamonn a chuid Gaeilge cé nach raibh duine ar bith ina chuideachta a raibh Gaeilge acu. | 00:07:02 | |
D’fhág sé an Astráil in 1994 agus níor phill sé ó shin. Chaith sé am galánta ansin, tír dheas a bhí inti. Bhí turas breá as an Astráil agus tíortha deasa le feiceáil ar an bhealach. Cheannaigh se an baile atá aige anois nuair a phill sé na bhaile. | 00:02:37 | |
An príosún ar oilean Norfolk – an príosún ina raibh na hÉireannaigh uilig. Bhris Barney Duffy amach as an phríosún agus chónaigh sé i gcrann ar feadh seacht mbliana sular beireadh air arís, ní raibh dóigh na bealach ar bith ón oileán. Daoradh chun báis é agus deir Éamonn gur as Anagaire Barney ó dhúchas. Dúirt Barney leo nach mbeadh ádh ar bith orthu agus cúpla lá i ndiaidh sin, bádh an fear a bheir air. Chonaic Éamonn, é fein an crann ina raibh sé ina chónaí. Oileán Norfolk, An Astráil. | 00:06:17 | |